“Scoltracha Anraith” sa gCorrán (1941)

Bhí dhá “scoil anraith” anseo sa gCorrán, ceann acu dhá straidhp siar ón teach a bhfuil an garraí gabhann ann anois. Tá an garraí gabhann ar láthair an tseantí scoile. Ní raibh ann ach teach beag ceanntuí. Ba é sean-Phat Sweeney an múinteoir. Sé Pat Sweeney i nGob a’Choire a mhac. D’iompaigh sean-Phat, an múinteoir, ina Chaitliceach agus phós sé cailín darbh ainm Mary McCann. Ní mórán scoláirí a bhí ag dul chun na scoil aon uair agus ní i bhfad a sheas sí. D’fhág sean-Phat Sweeney agus chuaigh anonn go Cill Damhnait agus bhí sé ag múineadh ansin ar feadh tamaill. Ansin tháinig múinteoir eile darbh ainm Cafferkey as Baile Chruaiche chun na scoile anseo ach níor fhan sé i bhfad. Níor thaitnigh sé leis na daoine agus ar aon nós is beag scoile a dhéanaidis. D’imigh Cafferkey agus chuaigh sé go Maoilín (baile fearann ó thuaidh do Dhubh Éige ar an taobh ó dheas d’Oileán Acla). Bhí Cafferkey ag múineadh ansin i Maoilín ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Tá cuid dá shliocht ansin i gcónaí agus is “jumpers” iad i gcónaí. Bhí “scoil anraith” eile ar chúl tí Ghallchóir in aice na háite a gcasann bóthar Pholl a’ Chnoic agus an bóthar seo go Gob a’ Choire ar a chéile. Bhí an tseanscoil sa gcoirnéal san áit a gcasann an dá bhóthar ar a chéile. Tá lorg na seanscoile le feiceáil fós ar thaobh do láimhe deise nuair a chasann tú anonn ó bhóthar Ghob a’ Choire. Níor sheas an scoil sin i bhfad chor ar bith. Ní raibh ach múinteoir amháin ariamh inti. Ba fear dena Floinn (s.m.) as Baile Uí Fhiacháin a bhí ina mháistir inti, ach ní raibh sé i bhfad inti nuair a fuair fear darbh ainm Ryan as Baile Uí Fhiacháin léas ar thalamh na scoile, agus ceann dena chéad bhearta a rinne sé nuair a fuair sé an talamh ná an scoil a leagan, agus chaith Flynn, an máistir, imeacht. Bóithrín Ryan a ghlaoitear ar an mbóthar atá ag dul go Poll a’ Chnoic ón mbóthar seo (an bóthar go Gob a’ Choire ón gCorrán), i ndiaidh an Ryan a raibh an talamh aige agus a leag an scoil.
Ní mórán greama a fuair na “soupers” anseo sa gCorrán. Ba chaitlicigh na tiarnaí talún uile ag an am, agus ní cheadaidís aon scoil ar a gcuid talúna muna mbeadh sí ar chimín nó áit éigin mar sin. Ach thíos san Oileán (Oileán Acla) bhí na “soupers” an-láidir agus bhí scoltracha, séipéil, ministéirí agus léitheoirí bíobla acu. Ba é Nangle an fear ceannais agus bhí coláiste acu i Maoilín, Coláiste na Tríonóide. Ba sa gcoláiste sin a d’oilidís a gcuid ministéirí agus léitheoirí an bhíobla. Cuireadh na buachaillí do b’fhearr agus do b’éirimiúla a bhíodh ag dul ag na scolteacha anraith chuig “Coláiste na Tríonóide” i Maoilín, áit a ndearna siad ministéirí agus léitheoirí bíobla díobh. Ansin chuaigh cuid acu go Sasana agus níor fhilleadar ariamh, agus d’fhan cuid eile sa mbaile in Acaill ag craobhscaoileadh do na “jumpers”.
Bhí páipéar ag Nangle, páipéar nuachta, an Achill Herald. Bhíodh sé dá chló sa gColony (baile faoi bhun Shliabh Mór ar an taobh thoir aduaidh. Fuair an baile an t-ainm ó chomhluadar protastúnach a lonnaíodh ansin in aimsir Nangle, timpeall 1836 nó mar sin, s.m.). Chuala mé ná raibh ann ach páipéar beag; ní fhaca mé riamh é, ach chuala mé gur fear darbh ainm Daly a bhíodh dá phriondáil. Bhí inneall acu chun é a phriondáil cosúil le chuile pháipéar. Uair sa mí, sílim, a thagadh sé amach. Ba áit mhór é Coláiste na Tríonóide i Maoilín, agus i dteannta leis an gcoláiste, bhí séipéal mór ann, agus tithe a gcodlaíodh na scoláirí iontu. Bhí feilm mhór ann freisin agus d’oibríodh na scoláirí ar an bhfeilm. Tá na fothraigh le feiceáil fós ann sílim.

An Chéad Traein go hAcaill (1941)

Ba shin é an t-am a raibh siad ag déanamh an bhóthair iarainn ó Chathair na Mart go hAcaill, agus dá bhféadfadh na daoine fanacht tamaillín eile d’fhéadfaidís a dhul ar an traein, ach níor fhéad siad fanacht. Ní raibh ach píosa beag le críochnú sar a dtiocfadh an traein go hAcaill. Nuair a bhí na cónraí dá dtabhairt abhaile go hAcaill, críochnaíodh an píosín ar chaoi éigin chun an traein a iompar, agus b’shin í an chéad traein a tháinig go hAcaill agus ualach marbháin ina teannta. Bhí sé sin sa tairngreacht, agus bhí sé sa tairngreacht go mbeadh ualach marbháin leis an traein dheiridh a thiocfadh freisin. Tharla sé sin freisin nuair a dóthadh deichniúr fear as Acaill i mbothán in Albain (i Kirkintilloch, Meán Fómhair 1937). B’shin é an t-am a rabhadar ag baint aníos an ráille ó Acaill go Cathair na Mart, agus nuair a bhí na deich gcOnra ag teacht abhaile, cuireadh traein speisialta ó Bhaile Átha Cliath leo, agus b’shin í an traein dheiridh a tháinig go Gob a’Choire. Anois, nach deacair a dhul thar an tairngreacht. (Ba í an traein speisialta dheiridh a thug na conraí go Gob a’Choire, ach bhí na gnáth-thraentacha ag rith ar feadh seachtaine nó mar sin ina diaidh, s.m).

An Fear a bhí ag Iompar an Choirp (1941)

Chonaic mé le mo dhá shúil féin, buíochas le Dia, fear ag teacht anall as Dubh Éige (baile ar chósta theas Oileán Acla, timpeall leathbealaigh idir Aill Cac a’ Mhionáin agus Béal na gCliath), agus corp ar a dhroim aige. Bhí eiris dá lámh ar an gcorp. Ní raibh aon chónra ar an gcorp ach an t-éadach ar bhásaigh sé ann. Nuair a bhí sé ag dul thar an teach – bhí mé féin, mo mháthair agus mo dheirfiúr ag breathnú amach – chuir mo mháthair mo dheirfiúr ag tabhairt cúnamh den fhear cosa an duine mhairbh a choinneáil suas; bhíodar ag scuabadh na talún. Bhí sé ar a bhealach go reilig Chill Damhnaith leis an bhfear a chur. Chuaigh mo dheirfiúr, go ndéanfaidh Dia trócaire orthu, orthu uile, amach agus thug sí cúnamh dó leis an gcorp. Bhí sí timpeall hocht mbliana níos sine ná mise. Bhí mise timpeall deich nó haondhéag de bhlianta ag an am. D’iompair sé an corp sin chúig mhíle gaelach, agus ba hachrannach an bóthar a bhí le siúl aige. Tháinig sé anall trí Aisléim (baile idir Cill Damhnait agus Dubh Éige) agus anuas anseo ar bhóthar na reilige. Sén t-ainm atá ar an mbóthar a thaistil sé ná Bealach na hAisléime go Dubh Éige. Is le linn an drochshaoil a déanadh an bóthar sin, agus bhí mise i mo ghasúr ag obair air ar phingin sa ló, agus amannta ní bhfaigheadh muid tada, agus amannta eile d’fhaigheadh muid máimín min bhuí.
Chonaic mé fear eile as Dubh Éige le corp (corp a athar) ceangailte de dhréimire, agus an dréimire ar dhroim an fhir ar a bhealach go reilig Chill Damhnait. Tá a lán daoine ó Dhubh Éige curtha ag an droichead ag tí Hughey hIudóige thíos ag an gcladach (tá tí hIúdóige timpeall 80 nó 100 slat ar thaobh Ghob a’Choire de shéipéal Chill Damhnait, ar an taobh deas den bhóthar. Tá an droichead ag an teach agus srutháinín ag rith síos chun na farraige, agus is ag béal na habhann sin atá na huaigheanna). Ní bhíodh de shochraide ann an uair sin ach an dream a bhíodh ag iompair an choirp, agus is ar reilig Chill Damhnait a bhíodh a n-aghaidh; ach ní bhídís ábalta iad a thabhairt níos faide gan chúnamh, agus chuiridís iad ag an droichead a raibh mé ag inseacht duit faoi.

1846 – 47 An Drochshaol in Acaill (An Gorta in Acaill) (1941)

Bhí húicéara ag m’athair agus chuaigh sé síos go Rathfarm (baile fearann in aice Chill Ealla i gCo. Mhuigheo) le haghaidh lucht fataí. D’ól sé luach na bhfataí, agus thit sé isteach le hoifigeach ghardaí cósta Rathfarm darbh ainm Lyons. D’fhan sé tí Lyons go bhfuair sé tuilleadh airgid as an mbaile le n-íoc as na fataí. Nuair a tháinig an t-airgead d’íoc sé an lucht fataí, agus tháinig sé abhaile timpeall Cheann Iorruis. Nuair a bhí sé i Rathfarm ní raibh aon mhóin san áit ach cipíní. An bhliain dar gcionn, chuaigh m’athair síos aríst le haghaidh lucht eile fataí, ach an uair seo thug sé húicéara eile leis i dteannta a chinn féin, agus ch’aon cheann acu luchtaithe le móin. Fuair sé an dá lucht fataí ar an dá lucht móna, agus tá mé cinnte gur thug sé roinnt mhaith do Lyons. Tamall ina dhiaidh sin cuireadh Lyons go hAcaill Beag áit a raibh stáisiún (stáisiún na ngardaí cósta) ag an am, agus nuair a casadh m’athair air phóg sé é, bhí sé chomh ceanúil sin air. Dar fia, bhíodar ina gcairde móra nó go bhfuair m’athair bás.

Sagairt Acla (1941)

Ba é an tAthair Ó Máille a bhí ina shagart paróiste in Acaill roimh an Ath. Michael. Bhí séiplíneach ag an Ath. Ó Máille darbh ainm an tAth. Malachy Monaghan, agus b’eisean a bhaist mé. B’as Baile an Tobair nó Páirtrí (dhá bhaile fearann timpeall 8 nó 9 de mhílte ó dheas de Chaisleán an Bharraigh) an tAth. Ó Máille. Athraíodh as Acaill é sar ar tháinig an tAth. Mick. Sílim gur i ngeall ar é a bheith sean a hathraíodh é; níl fhios agam cár cuireadh ansin é. Bhí an tAth. Malachy Monaghan tamall deas in Acaill tréis don Ath. Ó Máille imeacht. Nuair a d’fhág seisean tháinig an tAth. Henry ina áit, agus b’eisean a bhí ina shéiplíneach ag an Ath. Mick. An tAth. Pat O’Connor a tháinig ina shagart paróiste i ndiaidh an Ath. Mick, an tAth. Colleran ina dhiaidh sin, agus ansin an tAth. Campbell, atá ina shagart paróiste faoi láthair. Sin cúigear sagart paróiste le mo linnse, agus an tAth. Ó Máille, ach níl aon chuimhne agam airsean. Níl mé cinnte dena séiplínigh mar ní fhanaidís sin i bhfad. Tá an tAth. Mick curtha i gCill Damhnait i dteannta a mhuintire agus mo mhuintire, agus dá fhaide é ní i bhfad go mbeidh mise mé féin in éineacht leo. Bhásaigh sé in 1867 (2ú Meán Fhómhair 1867), agus bhí scór bliain caite aige ina shagart paróiste sar ar tháinig sé go hAcaill. Ní bhíodh ach séiplíneach amháin in Acaill ag an am sin, ach anois tá triúr ann i dteannta an tsagairt paróiste. Bhí sé crua ar dhá shagart freastal ar pharóiste mhór ar nós Acla; ní raibh ach dhá shéipéal sa bparóiste ag an am, ceann i gCill Damhnait, agus an ceann eile in Abhainn (baile ar an taobh thoir den Chaol ar Oileán Acla). Anois, tá sé shéipéal agus cheithre shagart sa bparóiste, agus ina dhiaidh sin caitheann siad aifreann a rá i scoiltreacha do bhailte atá ró-fhada ón séipéal.

An tAthair Mícheál Ó Gallchúir (An tAth. Mick) (1941)

Mar a dúirt mé cheana, ba é an tAthair Mick Gallagher m’uncail, agus ní raibh mé ach trí seachtainí d’aois nuair a tháinig sé go hAcaill mar shagart paróiste. Tháinig sé in 1847 tréis tamall a bheith caite aige in Turoc (timpeall 4 mhíle ó Chaisleán a’Bharraigh ar an mbóthar go Baile Mhearaigh) agus tamall eile in Oileán Éadaigh (atá idir Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart). Is as Oileán Éadaigh a tháinig sé go hAcaill, agus chuir sé faoi i dteach beag sa gCaiseal (baile i lár Oileán Acla). Cuireadh caoi ar an teach agus bhí sé ina theach breá compóirteach ceanntuí ansin. Nuair a fuair na “jumpers” talamh an Chaisil b’éigean don tsagart imeacht, agus tháinig sé go Bréan Ascaill (baile beag timpeall 3 mhíle ó dheas de Ghob a’Choire ar an taobh thiar den sunda).
Ba i ndúiche Pike, tiarna talún agus seanathair an Uas. Pike atá ina chónaí timpeall leathmhíle siar ó Ghob a’Choire anois, a bhí Bréan Ascaill. Bhí cairdeas mór idir Pike agus an sagart thréis go mba Protastúnach é Pike. Chaith sé fear amach as a theach i mBréan Ascaill agus thug sé an teach don Ath. Mick, ach thóg sé teach don fhear a chuir sé amach. Go deimhin, bhí Pike an-fhlaithiúil le m’uncail (An tAth. Mick). Thug sé ocht n-acra talún dhó ag séipéal Chill Damhnait, agus chuir sé fál air. Tá sé le feiceáil inniu, tá sé ar an taobh ó dheas den tséipéal, agus tá sé roinnte in ocht straidhp anois. Má chomhaireann tú ocht straidhp síos ón séipéal tiocfaidh tú chuig díog aitinn. Ba talamh iad na hocht straidhp sin a thug Pike do m’uncail. Ba sár-mharcaíoch é an tAth. Mick agus bhíodh capall maith aige i gcónaí, Bhí capall glas aige uair amháin agus ba bhreá an beitheach é. Tá pictiúr den tsagart ag marcaíocht an chapaill ghlais thíos tí Phike fós (teach Pike, leathmhíle taobh thiar de Ghob a’Choire). Tá an teach ina raibh m’uncail ina chónaí ann le feiceáil fós thíos ag an gcladach i mBréan Ascaill. Is teach ceannslinne dhá stór atá anois ann, ach nuair a bhí m’uncail ina chónaí ann ní raibh ann ach teach ceanntuí. Scanlán atá ina chónaí anois ann.

Miceál a Mála”(Michael Gallagher) (1941)

Ba é an Michael Gallagher seo athair m’athar, agus ba é an tAthair Michael Gallagher a mhac agus deartháir m’athar. Tommy Gallagher a bhí ar m’athair. Bhí mo sheanathair an-mhaith as. Bhí húicéara aige agus bhíodh sé ag iascach an mhíol mhóir. Théadh sé go Tír Chonaill ag ceannacht stocaí agus dá ndíol, ach ní raibh tada le spáráil aige i dtosach. Lá amháin agus é ina fhear óg ar an gCorrán anseo, tháinig strainséara isteach agus dúirt sé gur theastaigh cúpla péire stocaí uaidh ach ná raibh aon airgead aige. Dúirt mo sheanathair leis “Ní aithním tú, bhfuil bannaí ar bith agat?” “Mac Dé” arsa an strainséara, agus uaidh sin amach bhí an t-airgead dá charnadh isteach ag m’athair, agus ní fhaca sé lá bocht ina dhiaidh sin gur cailleadh é. Nuair a bhí a mhac, an tAthair Michael i gColáiste Mhaigh Nuat, bhíodh lá sa mbliain a dtéadh na haithreacha ar cuairt chuig a mic sa gcoláiste. Bhíodh féasta mór acu agus is amhlaidh a bhailíodh na haithreacha luach an dinnéir eatarthu féin. Uair dá raibh mo sheanathair ag an dinnéar agus a tosnaíodh ar an airgead a bhailiú, sheas mo sheanathair suas agus dúirt sé “Ná bacaigí leis, glanfaidh mise an scór inniu”.

Scoláireacht an Ghallchóirigh (1941)

Fear de Challchóirigh Thír an Áir (baile fearann idir Maolraithnigh agus Baile Uí Fhiacháin a bhí ina shagart paróiste i Meiriceá, agus bhí go leor dá ghaolta as Baile Chruaiche agus Acaill ina gcónaí san áit chéanna, agus bhailíodar go leor airgid dó. Ba de mhuintir Campbell a mháthair. Bhí an t-airgead le caitheamh chun oideachas a chur ar Ghallchóirigh Acla, Bhaile Chruaiche agus Thír an Áir chun a bheith ina sagairt, agus aon airgead a bheadh fágtha le dhul go Tír Chonaill chuig sliocht na nGallchóirigh ansin. Fuair go leor dena Gallchóirigh – ach ní mba Gallchóirigh uilig iad; ba dena Gallchóirigh cuid dena máithreacha – an scoláireacht ach deamhan duine acu a chuaigh ina shagart. Ba mac garda as Baile Uí Fhiacháin an chéad duine ar déanadh sagart de as an scoláireacht, ach ní mba Gallchóireach eisean.

Tháinig an sagart a d’fhág an t-airgead ar cuairt ar Thír an Áir, agus chuaigh sé go hAcaill thrín gCorrán agus ar ais arís go Tír an Áir de shiúl a chos. Bhí sé chomh gortach agus nach gcaithfeadh sé pingin rua, agus ní haon ionadh go raibh airgead aige. Déanadh sagart den Ath. Gallagher seo am éigin tréis m’uncail (an tAth. Michael Gallagher) agus is tré mholadh an Ath. Michael a fuair sé an áit i Meiriceá. Chúns bhí sé sa mbaile ar saoire níor thug sé pingin rua dá chairde ná níor fhág sé tada acu ina úchta. Fuair roinnt mhaith de Ghallchóirigh Acla an scoláireacht, ach tharla rud éigin do chuile dhuine riamh acu roimh a n-oirdniú, agus ní raibh éinne acu ina sagart dá bharr. Caithfidh sé go bhfuil mallacht nó mí-ádh éigin air.

Tógáil na mhainistreach i mBun a’ Chorraigh (1941)

Is cuimhin liom nuair a tháinig na manaigh go Bun a’ Chorraigh (baile beag i lár Acla), agus is beag ná raibh sé ina throid nuair a bhíodar ag bailiú na gcloch don mhainistir. Ba ar thalamh Ghallchóir (úinéirí an tí ósta atá ar cíos ag Michael Lyons anois), os cionn an bhóthair ag an droichidín, a bhí na clocha bailithe lena dtabhairt síos go Bun a’ Chorraigh, an áit a rabhadar chun an mhainistir a thógáil. Tháinig muintir an Chaisil agus Bhun a’Chorraigh leis an manaigh a stopadh na clocha a thabhairt anuas. Nuair a chuala muintir an Chorráin an scéala tháinigeadar anuas faoina gcuid caiple agus asail agus cairteanna, chun na clocha a thabhairt síos do na manaigh.
Ba bhean ó thaobh an Chloch Mhóir, Grace Gallagher, a rug ar an gcéad chloch, agus ansin lean fear darbh ainm Patín í agus fear dena Nualláin. Ba de mhuintir an Ath. Gallagher í Grace Gallagher (féach sliocht ar an Ath. Gallagher). Nuair a chonaic muintir an Chaisil agus Bhun a’ Chorraigh go raibh muintir an Chorráin dháiríre, chuadar abhaile agus tógadh an mhainistir.
Bliain nó dhó thréis do m’uncail (An tAth. Michael Gallagher) a theacht go hAcaill a tógadh an mhainistir. Is san mbliain 1847 a tháinig an tAth. Gallagher go hAcaill. Bhí furmhór mhuintir Bhun a’ Chorraigh agus an Chaisil ina “soupers” ag an am, agus sin é an chúis ná raibh aon fháilte acu roimh an mainistir i mBun a’ Chorraigh. Ach ba Chaitlicigh dílse iad furmhór mhuintir an Chorráin, agus tháinigeadar chun cabhrú leis na manaigh. Thug an tEaspag ordú go mbeadh céad míle fáilte, fuíollach le n-ithe agus leaba na hoíche ag fear an Chorráin an t-achar agus a bheadh an mhainistir ann. Níl fhios agam an bhfuil sin amhlaidh i gcónaí mar tá an saol athraithe, agus ní bhíonn daoine ag taisteal fada de shiúl a gcos mar a bhíodh fadó.

Muilinn Bhéal Fearsad (1941)

Bhí ch’aon cheann acu in aice an tséipéil ar an taobh ó dheas, san áit a bhfuil na haibhneacha ag déanamh a mbealach go cladach. Ba le teallach dena Heverins as Iorrus (as Dubh Loch b’fhéidir, s.m) iad. Tá cuid dá sinsear i gcónaí i mBéal Fearsad fós, agus bhí duine dena fir pósta ag iníon Phatchacó. Ba le haghaidh meilt choirce ceann dena muilinn agus ní raibh sa gceann eile ach ceann beag le haghaidh ramhrú flainnín. Ba é ceann an choirce ba ghaire don tséipéal. Tá sé os cionn leathchéad bliain ó stop an ceann mór ach bhí an ceann beag ag obair suas go dtí timpeall scór bliain ó shin.