Deir an seanfhocal gur easpa iontaobhais ionat féin é an géilleadh, agus is ceann é nach gcuirfeá thar Phádraig Joyce féin a chumadh. Cén Pádraig? Tá aiféala orainn; Seoighe ba chóir dúinn a rá, an t-ainm a raibh aithne agus eolas air ar fud Acla, an áit aoibhinn ar oibrigh sé chomh dúthrachtach sin ar a shon ar feadh a shaoil. Rugadh Seoighe i Maigh Mhuilinn ar an gCorrán i 1920. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta an Chorráin, i gColáiste Éinne i nGaillimh, agus i gColáiste Oiliúna Phádraigh i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Náisiúnta na nDoiríní ó 1948 go dtí 1982. Bhí a chroí agus a anam sa teanga Ghaeilge, sa gcultúr agus sna cluichí gaelacha, agus b’iadsan b’ardú meanman dó. Thug sé a shaol, taobh amuigh den scoil agus dá chlann, do chuile ní Gaelach. Ba fhear é Seoighe a mhachnaigh go doimhin, agus nuair a bhí a intinn déanta suas aige ar cheist, ba dheacair é a bhogadh. Ba mhinic a réasúnaíocht ag cur oilc ar dhaoine a bhí i gcoinne a dhearcadh ar an saol, ach b’annamh a buadh air.
Bhí cúram shíoraí air faoi Acaill agus mhuintir Acla, agus b’shin í an chúis go raibh sé ina bhall de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Acla i 1970, agus ina dhiaidh sin i gcur Chomhar Chumann Forbartha Acla ar a bhonnaibh. Is fiú aiste dá gcuid féin gach aon cheann acu, ach is féidir a rá gan bhréag nár spáráil Seoighe é féin san iarracht spriocanna gach aon ghrúpa a shroichint. Chomh fada agus bhain sé leisean, ní raibh aon chluichí eile ann ach cluichí Chumann Luthchleas Gael. Bhí sé ard sa gCumann, ar dtús mar bhall de bhunaitheoirí agus mar bhainisteoir fhad-théarmach Chlub Acla de Chumann Luthchleas Gael, agus ina dhiaidh sin mar Uachtarán ar Bhord Chumann Luthchleas Gael Mhuigheo Thiar, agus ar Bhord Mhionúir Mhuigheo. Dála a sheirbhís dá phobal féin, is go deonach dúthrachtach a bhí a sheirbhís do C.L.G. Bhí féith na scríbhneoireachta ann agus ní raibh sé ach nádúrtha go gcuirfeadh sé peann ar phár. Diabhal Smid Bhréige Ann , cnuasach de ghearrscéalta a d’fhoilsigh FNT/Mayo News i 1981, a bhí ar cheann de thorthaí na féithe sin. Bhí baint fhada shásúil aige leis an Mayo News, ag scríobh do Flashes from Achill ar feadh na mblianta. Ar ámharaí an tsaoil, tá a iníon, Catherine Seoighe, príomhoide Scoil Náisiúnta na nDoiríní, ag leanacht a loirg. Bhí a mhac Mícheál, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois, ar fhoireann an Mayo News ar feadh na mblianta, agus ba é an chéad Bhainisteoir Fógraíochta lán-aimseartha a ceapadh anseo é.
Bhásaigh Pádraig i 1987 tréis tinneas marfach. Chruthaigh sé níos fearr ná an chuid is mó dá chomhaoisigh, agus is cinnte gur thug sé níos mó le linn a shaoil shár-ghníomhach. Is go caoin ceanúil a chuimhneofar air sa Mayo News, agus ní bheadh an t-eagrán comórtha céad bliain seo iomlán gan an teastas seo a thabhairt air. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.