Imirce Acla agus leathinis an Chorráin

Is beag duine a bhí ag dul ar imirce as Acaill roimh 1880. Is amhlaidh a théadh na fir soir faoin tír ag spailpínteacht. Thógtaí ar aonaigh iad le haghaidh an tséasúir. Ach mhéadaigh ar an imirce go mór thréis 1880, agus ba é an t-údar a bhí leis seo ná ardú mór sa gcíos, lobhadh na bhfataí, agus teacht bealach taistil níos fearr. Is i dtús na n-ocht déag ochtóidí a thosaigh daoine ag tarraingt ar Albain. Is trí shiúl a gcos, 100 míle go Sligeach, agus ar bhád as sin go Glascú, a théadh na spailpiní. D’oibridís dona feilméirí fataí ó Mheitheamh go Samhain agus ansin d’fhillidís abhaile. San aimsir dheiridh, cuireadh bád ó ch’aon ait, ó Acaill agus ó Chathair na Mart, ar fáil dena spailpíní. In 1894 leagadh ráille traenach go hAcaill, rud a d’fhág bealach taistil díreach go Baile Átha Cliath, agus as sin bád go Glascú ag na spailpíní. I Mí an Mheithimh 1911 d’fhág 2,100 oibrí Acaill chun fataí a phiocadh in Albain, dream a dtugtaí na “tattie hokers” orthu.
Thosnaigh daoine ag imeacht go Meiriceá as Acaill ins na hocht déag ochtóidí. Bhí tógáil Chanáil Erie faoi lántseoil ag an am. Cheangail sé abhainn an Hudson i Nua Eabhrach le Loch Erie, atá ar cheann dena Locha Móra. Bhí na mílte, fir Acla ina measc, ag obair ar an tógáil seo. Stop an chanáil i gCleveland, Ohio, agus chuir na fir oibre futhú ansin nuair a bhí an obair críochnaithe. Sa lá atá inniu ann, tá 30,000 ainm de bhunadh cheantair Acla in eolairí teileafóin Cleveland; mar shampla, Ó Gallchóir, Ó Maolfhabhail, Mac Fhionntaoch, Mac Suibhne, Mac Conmara, de Búrca, Ó Domhnaill, Ó Cuireagáin, Seoighe, Ó Fearraigh, Ó Cathaláin, agus go leor eile.
I dtús an 20ú haois, d’oibrigh an chuid is sine den mhuirín agus beagnach chuile athair clainne in Acaill ar fheilmeacha éagsúla i Shasana, agus ar theacht an gheimhridh d’fhillidís ar Éirinn. Thugadh buachaillí óga, mná agus cailíní a n-aghaidh ar Albain suas go dtí deireadh na gcaogaidí. Tréis an Dara Cogadh Mór chuaigh go leor d’fhir Acla ag obair ar na foirgnimh i Sasana, agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann. Thagadh na fir oibre sin abhaile ar chuairt ghearr chuig a muintir faoi Nollaig agus sa Samhraidh. Ach ó dheireadh na seascaidí tá patrún na himirce as Acaill athraithe, agus sén chúis is mó leis seo ná an t-oideachas. San am a caitheadh d’fhágadh daoine óga an scoil tréis na bunscoile. Ach anois ní fhágann daoine óga nó go bhfuil an Ard Teistiméireacht déanta acu, agus san am sin féin is beag acu a théann ar imirce. Leanann siad ar aghaidh leis an oideachas, rud a fhágann go mbíonn deis ar phostanna níos fearr acu. Faigheann a lán obair i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i Luimneach, agus go deimhin, imíonn siad go Sasana, an Ghearmáin, agus go Meiriceá má tá an t-ádh orthu víosa a fháil. Is beag a fhilleann ar Acaill chun socrú síos ann, agus dá bhrí sin tá an pobal ag dul i léig go tapaidh.

Daonra Acla: 1911 – 6,800
Daonra Acla: 1991 – 2,800

Bás in Acaill: 1995 – 101
Breith in Acaill: 1995 – 8

Taispeánann daonáireamh beag a rinne Grúpa Pobail Loch Gael (Fast) daonra leathinis an Chorráin san lá atá inniu ann. Tá sé roinnte ina hocht gcuid. Siad na coda sin ná Réamhscoil 20, Scoil Náisiúnta 97, Meánscoil 86, Ardscoil 40, Fostaithe 172, Dífhostaithe 108, Mná tí 81, Pinsinéirí 166, rud a fhágann an daonra timpeall 770. Ach níl aithreacha ná buachaillí óga a mb’éigean dóibh dul thar lear ag saothrú san áireamh anseo.