Sa mbliain 1847, bliain an ghorta, cuireadh an tAth. Mick i gceannas paróiste Acla. Bhí misiún Nangle i mbarr a réime. Bhí cáil oibre Mhick ar son a phobail sroichte go hAcaill, agus thosaigh Nangle agus a lucht leanúna dá chrá agus dá chiapadh ar chuile bhealach. Chuir an tAth. Mick faoi sa gCaiseal mar go m’shin é an áit b’fheiliúnaí dó chun freastal ar an bpobal, agus rinne Nangle chuile iarracht é a dhíbirt ach chinn air. Ní raibh aige le déanamh ach an áit a cheannacht ó O’Donnelly Bhaile Uí Fhiacháin, agus ansin d’éirigh leis an sagart a chur as seilbh. B’éigean dó imeacht as an gCaiseal agus chuir sé faoi i dTeach an Mháma. Ach fiú amháin ansin féin lean na ciapadóirí é, agus briseadh anuas an staighre agus an sagart inairde an tí. Ghoill na bealaí cama Nangle fiú amháin ar dhaoine áithrid i gChumann Protastúnach Acla, agus thug William Pike as Doire an Rí píosa beag talúna don tsagart i mBréan Ascaill chun tógáil air.
Dála Oileán Éadaigh, níor spáráil an tAth. Mick é féin, d’oibrigh sé luath agus mall ar son a phobail. Go deimhin féin, déanadh cláiríneach de tráth a raibh sé ag freastal ar dhuine dá phobal. Chaith an capall é agus é ar a bhealach chun an Ola Dheireannach a chur ar fhear a bhí ag fáil bháis i mBaile an Ghleanna sa gCorrán, agus briseadh a ghlúin. Ón lá sin amach, b’éigean dó dhá mhaide a bheith aige. Ar ócáid eile, glaodh go Dubh Éige air ag a haon a’ chlog ar maidin chun freastal ar fhear bhí ag fáil bháis, agus de bhrí nach raibh aon bhóthar go Dubh Éige ag an am d’iarr sé ar shean-Mhaitiú Heaney é a thionlacan. Ach nuair a bhíodar imithe chun bealaigh, tháinig dream eile ar a lorg chun freastal ar dhuine tinn i Maigh Mhuilinn sa gCorrán, agus sar ar chasadar-san abhaile dúradar le cailín an tsagairt go lasfaí tine i Maigh Mhuilinn dá mbeadh géar-ghá leis an sagart an oíche sin.
Nuair a d’fhill an sagart agus Maitiú as Dubh Éige bhí an tine le feiceáil i Maigh Mhuilinn, agus nuair a hinsíodh a brí don tsagart ní dhearna sé ach an capall a shrathrú agus imeacht ar cosa in airde go Gob na Fearta trasna ó Mhaigh Mhuilinn. Thug sé aghaidh an chapaill sa taoille, agus shnámh sé é trasna an leathmhíle farraige gur tháinig sé i dtír ar Ghob na nAistrí. Bhí sé díreach in am leis an Ola Dheireannach a chur ar an bhfear a bhí ag séaladh. Is mór an seans dá dtéadh sé bóthar Bhéal Fearsad a bhí níos sábháilte ach níos faide, go mbeadh an t-othar séalaithe gan an Ola Dheireannach.
Ba shin é an tAthair Mick Gallagher, ceann dena daoine ba chlúitigh in Acaill, nár spáráil é féin lá ná oíche ar son a phobail, agus dála an Chruthaitheora, go mba é a shearbhónta dílis é, ní raibh fabhar aige leis an saibhir thar an daibhir. Ba le dea-chroí ba mó a shaothraigh an tAth. Ó Gallachóir dá phobal, mar go rabhadar beo bocht, agus gur beag an tuarastal a bhíodar i ndon a íoc. Ní raibh ach £5 i dtuarastal na bliana ar fad in Acaill Uachtair uair amháin, agus murach acmhainn a athar ní mhairfeadh an sagart dúthrachtach ar an Soiscéal. Uair eile, ní raibh ach 15/- i mbailiúchán na Cásca ar Acaill Íochtair, agus thug sé an bailiúchán iomlán d’fhear bocht le fóirithint ar a mhuirín.
An t-achar agus a bhí sé ina chónaí i mBréan Ascaill, d’fhostaíodh sé beirt fhear chuile earrach chun a phaiste beag talún a chur. Ba chuid dá ndualgas a dhul sa gcladach agus feamainn a bhaint ar na carraigreacha chun leasú a chur ar na fataí. Earrach amháin, thug na fir a bhí ag obair don Ath. Mick bád leo chomh fada leis an gcladach taobh thiar d’áras Chormaic ar an gCorrán. Ba é Cormac an tiarna talún, agus d’fhág duine dena fir an bád chun feamainn a bhaint ar mhullán báite. Dúirt Cormac go mba leis féin an mullán agus an fheamainn a bhí air, agus chuir sé an dlí ar an Ath. Mick de bharr bradaíle agus damáiste. Dhealródh sé go mb’aisteach an beart le déanamh ag tiarna talún Caitliceach é seo, ach bhí an tAth. Mick go láidir in aghaidh tiarnas talún, agus b’fhada le Cormac go mbainfeadh sé a shásamh amach. Dála cúis eile a tugadh in aghaidh an Ath. Mick, bhí an cás ag gabháil ó chúirt go cúirt go dtí go raibh cúpla céad punt cosnaithe aige sa deireadh, agus tréis gur ofráil Cormac an cás a réiteach ar shuim bheag, ní ghlacfadh an tAth. Mick, a cheap gur aige féin a bhí an ceart, lena réiteach, agus sa deireadh thiar caitheadh an cás amach. Dá bhrí sin, chaith an tAth. Mick a chostais dlí féin a íoc, agus aríst ar ais sén t-athair a tháinig i gcabhair air, ach fén am go raibh na fiacha íoctha bhí an sparán an athar spíonta.
Bhásaigh an tAth. Mick Gallagher go réasúnta óg, gan aige ach an trí scór bliain, ach bhí a chuid blianta ar an misiún an-chrua, agus mharaigh sé é féin ar son an phobail. Dar ndóigh, bhris sé caipín a ghlúnach le linn dó a bheith ag freastal ar othar, agus de bharr droch-aire, agus gan é ag tabhairt aon deis di feabhsú ceart, tháinig sí roimhe go mór sna blianta deireannacha.
Ar an 2ú lá de Mhí Mheán Fhómhair 1867 bhásaigh an tAthair Mick Gallagher. Nuair a shroich an scéala an pobal, tháinigeadar ina sluaite; ó Dhubh Eacha go Corrán, ó Acaill Beag go Tóin re Gaoith, chun a n-omós dá sagart dílis a thaispeáint, agus chun suaimhneas síoraí dá anam a éileamh ar Dhia ina dteanga dhúchais Ghaeilge. Sar ar bhásaigh sé, chuir sé a mhian gur i dteannta a athar agus a dhearthár i gCill Damhnait a chuirfí é, ar pháipéar. Ar lá na sochraide rinne an Ath. Richard Prendergast iarracht é a chur i dTeach Pobail Chill Damhnait, ach chuir William Pike ina choinne, agus ní raibh aon mhaith aige ann go gcomhlíonfaí téarmaí an úchta. Cuireadh an tAth. Mick sa gcré i sean-reilig Chill Damhnait i dteannta a athar agus a dhearthár.