Is cuimhin liom an Caiptín Ó Máille go deimhin, agus is cuimhin liom an lá chomh maith agus dá b’é inniu é. Bhí mé ceathair déag nó cúig déag de bhlianta ag an am. Bhí sé ar mhaidí cros nuair a chonaic mé é, ach ba bhreá ard an fear é. Chonaic mé ag teacht aníos bóthar Chill Damhnait (baile ar an taobh thoir d’Oileán Acla) ó Acaill Íochtair é, agus bhí sé ar a bhealach go hOileán Cléire. Stop sé le haghaidh na hoíche i dteach ósta a bhí an tráth sin i gCill Damhnait, thiar ag an séipéal. Chuaigh muid uile ar cuairt aige mar bhí an oiread sin cloiste againn faoi. Bhí sé ag inseacht scéalta faoina shaol, ach ní cuimhin liom aon cheann dena scéalta anois. Bhí an teach lán go doras mar bhí an baile uile tagtha chun é a fheiceáil. Tá teach nua anois ag an séipéal (ar an taobh ó thuaidh), agus bhí an teach ósta san áit a bhfuil stábla an tí sin anois, idir an teach nua agus an séipéal. Bhí sé gaolmhar le Máilligh Oileán Cléire agus Acaill Íochtair. Níor chuala mé riamh go raibh sé pósta ná muirín air; b’fhéidir go raibh sé pósta. Bhíodh sé ag díluchtú sa gCorrán. Bhí féasóg air ach go deimhin dhealraigh sé go mba bhreá an fear ina óige é. Báthadh an lucht deiridh a tharraing sé ag Poll na Ráite in aice Bhaile Uí Fhiacháin. Bháigh siad féin í (an bád) nuair a chonaiceadar na fir chustaim ag teacht agus gan aon éalú i ndán dóibh. Ba é ainm an bháid ná an Slúipín Vaughan, agus cumadh amhrán di. Bhí fhios agam é uair amháin ach tá faitíos orm nach mbeidh mé i ndon é a rá anois.