‘Tattie Hokers’

Ar shroichint Coarse Clay Farm dúinn tugadh mála mór dúbailte do ch’aon dhuine againn. Ba sheo é ár dtolg a bheadh le pacáil le tuí. Tugadh trí phluid dúinn freisin. Thóg muid amach na bráillíní agus na pilliúir a phacáil ár máithreacha go cúramach dúinn as na truncanna. Bhí eolas maith faighte acu i dtaobh na nithe a bheadh uainn ó tattie hokers eile. Dá bhí sin, bhí potaí agus gréithe agus éadaigh boird (oléadach a bhí sa bhfaisean ag an am) ar iompar againn. Is gearr go raibh na héadaigh crochta agus áit codlata réitithe againn. Bhí sé cosúil le seomra ospidéil agus an bothán chun ithe ar nós ceaintín. Bhí muid bródúil as ár n-áit mhaireachtála. Bhí só amháin againn – an leictreachas. An chéad tráthnóna tháinig garda na háite agus bhailigh sé ár gceadanna. Thug sé ar ais iad tráthnóna lá arna mháireach, agus bhí cead againn fanacht ag obair ar an talamh ar fead trí mhí. Tugadh cartaí aitheantais buí dhúinn freisin. Bhí na ceadanna ag teastáil freisin le haghaidh cartaí allúntais bia a fháil. Is cartaí allúntais, agus ní leabhra, a d’fhaigheadh daoine nach raibh aon seoladh buan acu. Bhí cead againn fanacht ar feadh ráithe ach dá mbrisfeadh éinne an dlí dhíbrófaí as an tír láithreach bonn é. B’éasca don Éireannach dlí na hAlban a bhriseadh agus díbríodh go leor fir Éireannacha. Ag deireadh na trí mhí chaitheadh muid a dhul chuig na gardaí chun fad a bhaint as an gcead.

An chéad mhaidin bhí muid ar fad chomh tuirseach agus go gcodlódh muid go headartha ar na toilg thuí. Ach ina áit sin, chuala muid an glaoch. Bhí sé ina mhaidneachan lae agus an maor ag tabhairt an ‘ghlaoch’. Bean mheánaosta a bhíodh ag freastal sa mbothán, agus a d’fhaigheadh chúig scilleacha breise as an nglaoch a b’ea an maor. Amuigh sna garranta bhain muid na fataí le tochaltóirí. “Hoking” a thugtaí ar an mbaint le lámh seo. D’oibrigh muid ina mbeirteanna, duine ag baint agus duine ag piocadh. Chaitheadh an scorach nó an ghirseach a bhíodh ag piocadh na bhfataí brat, b’shin mála garbh oscailte, agus é casta timpeall na colainne ar nós naprún. Ar laethanta taise ghreamaíodh an chréafóig den bhrat agus bhíodh sé trom, tais, míchompóirteach. Bhíodh deich nóiméad scíth againn san rud a dtugtaí ceathrú air, agus uair le haghaidh dinnéir. Bhí cead againn ár n-uair dinnéir a bheith againn tréis cheithre huaire oibre, agus tharlodh sé go mb’shin é an seacht a’ chlog ar maidin mar gur minic a thosnaigh muid roimh a trí ar maidin. D’oibrigh muid hocht n-uaire chuile lá, agus chriochnaigh muid go hiondúil go luath sa tráthnóna. Tréis greim le n-ithe sa mbothán, chuaigh muid uile a chodladh go dtí deireannach tráthnóna, agus ansin d’éirigh muid agus bhí an béile ceart againn. Bhí an chuid eile den tráthnóna saor againn.

Mheascadh muid le foirne eile a bhíodh ag obair ar na feilmeacha sa gcomharsanacht. Théadh muid ar cuairt acu nó thagaidís ar cuairt chugainn. Bhí go leor foirne as Dún na nGall ann. Bhíodar cairdiúil, ina ndea-chomhluadar agus iontach ag an nGaeilge. I measc na bhfoirne uile bhí go leor ceoltoirí, agus sén chéad rud a dhéanadh muid ná airgead a bhailiú chun bosca ceoil nó violin a cheannacht. Chuireadh muid raifil ar phaca cartaí nó ar mhála milseáin. Is iomaí oíche thaitneamhach a bhí againn. Bhíodh tráthnóna Dé Sathairn saor againn freisin, tráth a dtéadh muid chuig an mbaile mór le haghaidh siopadóireachta agus airgead a chur abhaile. Is tré T.M.O (Telegraphic Money Order) a chuireadh muid an t-airgead abhaile. De bharr gur deireannach Dé Sathairn a chuireadh na foirne uile in Albain agus na spailpíní i Lancashire a gcuid airgid abhaile, bhíodh cead ag na hoifigí poist in Acaill oscailt maidin Domhnaigh chun a gcuid T.M.Os a thógáil. Nuair a bhíodh an t-airgead seolta chun bealaigh deireadh muid go raibh an t-airgead uile imithe thar an teach solais. Ba mhaith an fear a bhí sa saoiste s’againne, agus dhéanadh sé cinnte go gcuirfeadh na hógánaigh a gcuid airgid thar an teach solais i gcónaí. Níor mhaith leis go bhfoghlamóidís aon drochbhéasa chúns bhíodar faoina chúram. Rinne muid mór le go leor daoine, daoine óga na háite ina measc, mar théadh muid chuig na hallaí agus thógadh muid páirt sna damhsaí Albanacha. Rinne muid cairdeas freisin le go leor dena príosúnaigh cogaidh a bhí curtha amach ar na feilmeacha ag obair. Bhí na príosúnaigh Gearmáanach uile an-óg, agus níor bh’fhéidir a ndóthain le n-ithe ná a ndóthain tabac a thabhairt dóibh. Is minic a thug muid ár n-allúntas aráin féin dóibh. Thug an obair ar an bhfeilm deis dóibh málaí garbha fataí a ghoid, málaí a ndéanaidís slipéirí astu agus a dhíolaidís. Ghoideadar seanchóta uaimse uair amháin agus lá arna mháireach bhíodar dá dhíol ar ais liom ina phéire breá slipéirí!