A Oirmhinnigh Uasail,
chun mé féin a shaoradh, sílim go bhfuil sé riachtanach an drochbhail a chuir tú orm Dé Domhnaigh sé caite ag an Aifreann a chur os comhair an phobail, i dteannta an údair feirge a thug mé dhuit. Tá fhios agat gur fear mé a mhaireann ar mo thionscal, agus dar ndóigh meáim agus íocaim le chuile dhuine is cuma cén creideamh atá aige, chomh fada agus atá sé ionraic ina ghnaithí. Dá bhrí sin, dhíol mé roinnt fataí le lucht an Cholonaí, beart a d’íoc tú go míthrócaireach orm ag an Aifreann, trí mo mhaslú agus mo mhallachtú, agus trí mo dhíbirt as an Séipéal os comhair an phobail mar a dhéanfá le eiriceach. Go deimhin, ní thabharfainn milleán dhuit mallacht a chur orm dá mbeinn chun mo chreideamh a athrú, díreach mar a dhéanann tú le chuile dhuine eile a iompaíonn ina Phrotastúnach, ach ní hamhlaidh an cás dhomsa. Ní dhearna mé ach luach a gcuid airgid a thabhairt dóibh díreach mar a dhéanfainn le éinne eile, agus féadfaidh tú a bheith ag léamh na mallacht go lá philib a’ chleite ach, ní choiscfidh tú mé, mar tá mé cinnte nach ligfidh Dia dhóibh titim orm sa gcás ina bhfuil mé.
Anois, ó tharla gur bhain tú asam é, cuirfidh mé do thréithe suaracha, do chaitheamh anuas ar dhaoine, os comhair an phobail. Tá fhios agat an uair dheiridh a raibh na faoistiní agat in mo theach-sa go ndeacha tú go dtí an chéad bhaile eile, agus gur dhúirt tú leis na comharsan go raibh súil agat go gcaithfidís níos fearr leat ná mar a chaith mise; nach raibh tú ariamh i dteach chomh suarach, gur thug mé ocras duit féin agus dona caiple. Thug tú éitheach, agus tá T. & R. & M’G, triúr duine uasal a thug mé chun dinnéir le comhluadar a dhéanamh leat ar an ócáid sin, mar fhianaise agam. Tá fhios agat gur ar an Aoine a thit sé agus nach bhféadfá feoil a ithe. Dá bhrí sin, réitigh mé lang saillte le haghaidh do dhinnéir agus neart fuisce, agus thug mé neart aráin agus ime agus tae dhuit le haghaidh do bhricfeasta agus do shuipéir, agus ina dhiaidh sin an oiread puins agus a bhí tú ábalta a ól, agus fuair na caiple neart fataí, mar ná raibh aon choirce le fáil. agus sé a raibh de bhuíochas agat orm ná a bheith ag caitheamh anuas orm taobh thiar de mo dhroim.
Is mise, a Dhuine Uasail,
Patrick McHugh,
Dún Eibhir, 5 Iúil, 1839.